Rugadh Sarah i Rann na Feirste i mí na Samhna. Chuaigh sí na scoile i Rann na Feirste. Ag dul faoi láimh an Easpaig (Cóineartú), an Teagasc Críosta uilig le foghlaim acu. Bunadh a clainne, tá siad muinteartha de chlann Mhic Grianna (na scríbhneoirí).
00:05:08
Athrach mór nuair a tháinig leictreachas in 1955. Lampaí tilly a bhíodh acu roimhe sin. Ag teacht isteach san oíche sa dorchadas i ndiaidh an damhsa. Oíche amháin chuaigh sí isteach, bhuail sí suas in éadan buicéad tornapaí. Na raidió a bhí acu, bhí cinn acu sular tháinig leictreachas, chaití iad a thabhairt na gharáiste lena luchtú. Chonaic sí athrach mór, solas taobh amuigh agus taobh istigh le cnaipe.